Bord na Móna tuarascáil bhliantúil 09/10
small text font changedefault text font changelarge text font changeprint page
Ráiteas an Chathaoirligh
Fergus McArdle Cathaoirleach - Bord na Móna, ag comóradh 75 bliain

Thar ceann an Bhoird, táim sásta tuarascáil bhliantúil an Ghrúpa a chur i láthair mar Chathaoirleacht ar Bhord na Móna cpt.

 

Ba bhliain an-suntasach a bhí sa bhliain 2009/2010 do Bhord na Móna, toisc gur cheiliúir sé 75 bliana dá bheith ar bun. Leis an ócáid seo a cheiliúradh, d’eagraigh an Chuideachta mórthaispeántas a shárthaispeáin a stair agus a leag amach an dóigh a bhfuiltear ag súil leis an nGrúpa forbairt ar na boinn sin lena thodhchaí a chinntiú.

 

Ba é an tUachtarán, Máire Mhic Ghiolla Íosa a lainseáil an taispeántas Heartland a tionóladh le comóradh 75 bliain an Ghrúpa a cheiliúradh ag Oifig na nOibreacha Poiblí, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2009 agus idir an dá linn bhí sé ar oscailt don phobal sa Droichead Nua, Contae Chill Dara, an Tulach Mhór, Contae Uí Fhailí agus i gCrois Mhaoilíona, Co. Mhaigh Eo. Tá doiciméid sa taispeántas agus, níos tábhachtaí ná sin, agallaimh físe le hiarfhostaithe agus fostaithe reatha a thug sonraí faoi thionchar Bhord na Móna ar a saolta agus ar na pobail dá bhfuileamar ag fónamh.

 

Cheiliúir an foilseachán “Brown Gold”, a scríobh Donal Clarke, a bhí ina Rúnaí Cuideachta ar Bhord na Móna roimhe seo, an comóradh suntasach seo chomh maith. Tugann an leabhar mionchuntas ar na príomh-imeachtaí sa tréimhse ó bhí 1934 ann agus léiríonn sé teacht chun cinn an Ghrúpa go dtí fiontar tionscail comhaimseartha. Agus an ceart agam a bheith bródúil as ár stair, táim sásta a thuairisciú gur lean Bord na Móna d’fheidhmiú go rathúil in 2009/2010. D’ainneoin líon de bhacainní suntasacha a tháinig chun cinn sa tréimhse, sheachaid an Grúpa feidhmíocht airgeadais shlán agus chuir sé a fhás agus a fhorbairt straitéiseach chun cinn, go háirithe sna hearnálacha Fuinnimh, Gairneoireachta agus Aisghabhála Acmhainní. Ag an am céanna, lean an Grúpa de bhéim a chur ar fháltais óna ghnóthaí traidisiúnta a uasmhéadú.

 

Sa bhliain dar críoch Márta 2010, ghlac Bord na Móna roinnt céimeanna lenár misean don Ghrúpa a chur chun cinn, lena n-áirítear:

tús a chur le suiteáil planda buactha 112MW a thógáil ag Éadan Doire, Co. Uí Fhailí;
an faomhadh cuí a fháil maidir le saoráid múirínithe a thógáil, a bheidh ábalta 25,000 tona a phróiseáil in aghaidh na bliana, ag ár láithreán ag An Droichead, Co. Chill Dara;
láithriú príobháideach an-rathúil eile maidir le fiach i SAM a thiomsaigh $205 milliún (€146.4 milliún) a chur i gcrích;
comhaontú tograí áirithe lenár socruithe pinsin reatha a leasú;
aisiompú suntasacha de ghnó na Gairneoireachta i ndiaidh athstruchtúraithe agus atheagraithe rathúil;
gnó Dramhaíl O’Hagan a cheannach le rochtain gheografach agus bonn custaiméirí ár ngnó Aisghabhála Acmhainní a mhéadú, agus
cead pleanála agus ceadanna eile a fháil le gléasra gásadhainte a thógáil ag ár láithreán ag Doire Dhraighneach, Co. Uí Fhailí.

 

Taispeánann na torthaí airgeadais láimhdeachas de €384.4 milliún le haghaidh 2009/2010, laghdú 4.3% ar 2008/2009. Ba ionann tuillimh roimh ús, cháin, dhímheas agus amúchadh (EBITDA) don Ghrúpa ná 64.6 milliún, méadú €7.4 milliún (13%) ar 2008/2009. Bhí drochthionchar ag an drochaimsir samhraidh a chuir isteach ar bhaint mhóna ar ghnó an Fhuinnimh. Rinne na tuilte geimhridh i réigiún na Sionainne agus an aimsir thar a bheith fuar ina dhiaidh sin ár gcumas móin a sheachadadh le haghaidh fuinneamh a ghiniúint a laghdú. Tharla iarmhairtí an choir chun donais eacnamaíoch i ngníomhaíocht eacnamaíoch don ghnó Aisghabhála Acmhainní, go háirithe sna hearnálacha tógála agus miondíola. Ón taobh dearfach de, sheachaid ár ngnóthaí Breoslaí agus Gairneoireachta feidhmíocht láidir.

 

Faoi mar a mhínítear níos mine in Athbhreithniú an Stiúrthóra Bainistíochta, ba ionann an brabús oibriúcháin don bhliain agus €23.0 milliún , laghdú de €0.2 milliún ar an mbliain roimhe sin. Bhí drochéifeacht ar fheidhmíocht an bhrabús oibriúcháin in 2009/2010 de bharr:

drochdhálaí aimsire a theorannaigh an bhaint mhóna go dtí 75% den sprioc bhliantúil;
caillteanais stoic a tharla sna tuilte i mí na Samhna;
méadú ar iomaíochas san earnáil Aisghabhála Acmhainní agus laghdaíodh ollchorrlaigh dá bharr, agus
muirear bearnaithe dea-thola de €5.2 milliún.

 

Cosúil le gach gnó eile, leanann Bord na Móna d’fheidhmiú sa timpeallacht eacnamaíoch dheacair reatha. Ag machnamh ar an méid sin, chinn an Bord nach mbeadh méaduithe i bpá fostaithe cuí agus d’aontaigh sé pá a choinneáil ag na leibhéil reatha. Cosúil le comhlachtaí Stáit eile, rinneadh táillí atá iníoctha le stiúrthóirí a laghdú le 10% i bhfeidhm ó 1 Bealtaine, 2009.

 

Tá an cás maidir le scéimeanna pinsin sochair shainithe a oibríonn Bord na Móna ina ábhar imní don Bhord, ag cur na dianluaineachta atá ag leanúint de chur isteach ar mhargaí infheistíochta agus ar an bhfás i ndliteanais scéime san áireamh. Is é cur chuige an Ghrúpa ná na socruithe reatha a leasú más cuí d’fhonn leasanna an Ghrúpa agus bhaill nó phinsinéirí na scéimeanna a chothromú. Maidir leis seo, thángthas ar chomhaontú le hionadaithe baill agus údaráis rialála i ndáil leis an Scéim Aoisliúntais d’Fhostaithe Oibreacha Rialta (RWESS) a leasú atá i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2010 agus scéim pinsin le ranníocaíocht shainithe a thabhairt isteach d’fhostaithe úra. Maidir leis an Scéim Aoisliúntais d’Fhostaithe Ginearálta (GESS), scéim sochair shainithe a oibríonn an Grúpa, tá plé ar siúl le hionadaithe baill agus leis na húdaráis rialála maidir leis na ceisteanna lena mbaineann.


Leanann an Bord de thús áite a thabhairt do chur chuig maidir le rialachas corparáideach atá bunaithe ar an gcleachtas is fearr agus ar rialú agus threochtaí atá ag teacht chun cinn. Thionóil na stiúrthóirí ceardlann ar rialachas corparáideach, a d’éascaigh saineolaithe seachtracha, le linn na bliana. Lena chois sin, rinneadh athbhreithniú iomlán ar an gCód Cleachtais leasaithe um Rialachas Corparáideach maidir le Comhlachtaí Stáit le linn na bliana agus cuireadh athruithe ar bith a bhí de dhíth i bhfeidhm. Dhearbhaigh an próiseas go bhfuil córas cuí agus freagrúil de rialú inmheánach ag an nGrúpa le rioscaí suntasacha a mhaolú a fheidhmíonn le nochtadh a choinneáil ag leibhéal inghlactha. Tá an Bord sásta go bhfuil córas éifeachtach de rialachas corparáideach ag Bord na Móna.

 

Leanann an Grúpa de luach a sheachadadh chuig a scairshealbhóirí chomh maith agus d’íoc sé díbhinn de luach €5.3 milliún le linn na bliana chomh maith, le €5.0 milliún íoctha leis an Stát agus €0.3 milliún íoctha leis an bPlean um Scair-Úinéireacht d’Fhostaithe (ESOP).

 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe Boird as a dtiomantas agus as a dtacaíocht le linn na bliana. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chomh maith le fíorbhuíochas a ghabháil le Stiúrthóir Bainistíochta an Ghrúpa, Gabriel D’Arcy agus leis an bhfoireann bainistíochta atá á stiúradh aige. Gabhaim buíochas le Gabriel, lena chomhgleacaithe agus le gach duine dár bhfostaithe as a ndíograis agus an obair chrua atá déanta acu i mbliain eile de dhul chun cinn don Ghrúpa a sheachadadh, d’ainneoin na ndúshlán a tháinig chun cinn.

 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, an tUasal Éamon Ryan, T.D, as a thacaíocht leanúnach do Bhord na Móna. Gabhaim mo bhuíochas fosta leis an Uasal Aidan Dunning, Ard-Rúnaí na Roinne, an Iníon Sara White, an Leas-Ard-Rúnaí agus le oifigigh eile na Roinne as a suim agus a gcomhairle.


Tá an Bord sásta dul chun cinn leanúnach i gcur i bhfeidhm an phlean straitéise le haghaidh Bhord na Móna a thuairisciú. Léiríonn stair fhada an Ghrúpa an cumas athrú a chur i bhfeidhm agus oiriúnú do bhrúnna na timpeallachta ina bhfeidhmíonn na gnóthaí. Creidimid go mbainfidh na láidreachtaí seo, mar aon le cur i bhfeidhm straitéis éagsúlaithe an Ghrúpa, todhchaí rathúil agus bheoga amach don Ghrúpa agus go gcuirfidh siad feabhas ar leasanna scairshealbhóirí, na bainistíochta agus na bhfostaithe. Tá an Bord tiomanta dá ról maidir leis an timpeallacht agus na hacmhainní a chumasóidh seachadadh a straitéise a chomhlíonadh.

 

Tá Bord na Móna réidh lena pháirt i gcur le todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn a imirt chomh maith trína pholasaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol maidir le fuinneamh, uisce, aisghabháil acmhainní agus bithéagsúlacht a chur ar aghaidh.

 

Chuir aithreacha bunaidh Bhord na Móna bonn láidir ar fáil a chuir ar chumas na heagraíochta dul i mbreis agus fás thar a céad 75 bliain. Táimid tiomanta d’fhorbairt ar an mbonn seo agus leanúint dá dhul chun cinn don chéad 75 bliain eile agus tharis sin.

 

 

Fergus McArdle
Cathaoirleach
1 Iúil 2010