Bord na Móna tuarascáil bhliantúil 09/10
small text font changedefault text font changelarge text font changeprint page

Athbhreithniú Gnó Athbhreithniú
an Stiúrthóra Bainistíochta – Breoslaí

Athbhreithniú Gnó - Breoslaí - feidhmíocht láidir i margadh dúshlánach

Déanann gnó na mBreoslaí brícíní móna a mhonarú agus a chur ar an margadh, déanann sé gual a iompórtáil agus a dháileadh chuig an margadh miondíola, agus oibríonn sé gnó dáilte ola. Is ainmneacha tí atá ina bhrandaí, agus ina measc tá Bord na Móna Peat Briquettes, Suttons Coal and Oil agus Black Diamond Coal. Cuireann na Breoslaí raon de tháirgí catagóir adhainte lena n-áirítear Firepak, Firelogs agus Firelighters ar an margadh.

 

Chuidigh na dálaí diana geimhridh le díolacháin na mBreoslaí a mhéadú, d’ainneoin aire tomhaltóirí agus iomaíochta idirnáisiúnta. Lainseáil an gnó brícín bithmhaise nuálaíoch agus neamhdhíobhálach don chomhshaol le linn na bliana.


Torthaí
D’fheidhmigh gnó na mBreoslaí go láidir le héileamh ar na táirgí brícíní agus guail cosúil leis an mbliain anuraidh. Ba iad na príomh-spreaghtaigh ná na dálaí diana aimsire agus na hathruithe ar iompar tomhaltóirí de bharr an choir chun donais eacnamaíoch le dhá bhliain anuas agus dá bharr sin thosaigh roinnt tomhaltóirí ag úsáid breoslaí soladacha arís. Tháinig ciorrú ar an éileamh maidir le táirgí catagóir adhainte d’ardbhranda cosúil le lomáin tine, agus lastóirí tine de bharr gur thosaigh tomhaltóirí ag éirí níos mothálaí do phraghsanna agus d’athraigh siad go dtí táirgí féinlipéid níos saoire. Mhoilligh an t-éileamh ar ola de réir mar a chuaigh an cúlú i bhfeidhm ar ghníomhaíocht eacnamaíoch go ginearálta agus ar an earnáil tógála go háirithe. D’fhreagair an gnó don éileamh méadaithe ag buaicphointe an seala fhuair le bainistíocht éifeachtach ar an slabhra soláthair.


Iomaíocht
D’fhás an chatagóir adhainte le linn na bliana ach tharla tionchar diúltach do scair an ghnó de bharr an mhéadaithe i lipéid phríobháideacha agus iompórtálacha coigríche. Mhéadaigh an treocht seo an brú imill de bhrí go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar phraghsáil aonaid sa chatagóir ag na malairtí níos saoire. Ní mhairfidh sé seo sa mheántéarma agus tá an gnó rannpháirteach go gníomhach maidir le réitigh táirge nuálaíocha úra a fhorbairt le spreagthach a chur le catagóir lena bhfuil gá le gníomhaíocht táirgí úra.

 

Inbhuanaitheacht
Agus príomhfhócas an ghnó fós ar a acmhainneacht ó na táirgí traidisiúnta a uasmhéadú tá an chuid is mó den fhorbairt táirgí dírithe ar chlár oibre inbhuanaitheachta. D’éirigh le gnó na mBreoslaí a chéad bhrícín bithmhaise a chur ar an margadh le linn na bliana. Ba é cumasc bithmhaise/móna 40% bithmhaise/60% móna a bhí ann seo. Tá obair curtha chun cinn ar leagan iomlán 100% bithmhaise a bheidh neodrach ó charbón agus scaoilfear é le haghaidh trialacha tomhaltóirí gan mhoill. Lena chois sin, tá suim glactha ag an gnó i dteicneolaíocht a iompóidh páipéar dramhaíola isteach i dtáirge éicea-adhainte. Tá measúnú áit mhargaidh á dhéanamh ar seo faoi láthair. Tá an acmhainneacht aige luach a chur leis an ngnó aisghabhála acmhainní trí ghá le páipéar dramhaíola a bhunú.


Nuálaíocht
Thaifead an gnó líon ceadanna le linn na bliana, lena n-áirítear lainseáil na mbrícíní bithmhaise isteach i margadh na hÉireann, agus lainseáil de bhreosla bithmhaise le haghaidh téiteoirí paitiónna isteach i margadh an RA. Is é seo cuid de straitéis an ghnó le raon níos leithne de tháirgí miondíola a fhorbairt i margadh an RA.

 

Teastaíonn foinse breosla thánaisteach le haghaidh brícíní a dhéanamh corruair. Le linn na bliana, chuir an gnó fotháirge dá oibríochtaí gual a chur i mála in aonad ola mhianraí as a dtáinig coigiltis oibriúcháin.