Bord na Móna tuarascáil bhliantúil 09/10
small text font changedefault text font changelarge text font changeprint page
Athbhreithniú an Stiúrthóra Bainistíochta
Gabriel D’Arcy An Stiúrthóir Bainistíochta - dul chun cinn a rinneadh ar ár bhfís inbhuanaithe

Is dúshlán corraitheach é dúinn ar fad i mBord na Móna go bhfuileamar ag forbairt ar rath na 75 bliain seo caite. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an nGrúpa le bliain anuas agus é ag aistriú i dtreo eagraíochta atá ag brath níos lú leis ar mhóin mar ár bpríomhghníomhaíocht. Tá an t-aistriú seo de réir fhís an Ghrúpa, ‘Conradh Úr Leis an Nádúr’.

 

Glacfaidh ár dtreo úr am le torthaí a fháil ach creidimid go daingean go seachadfaidh sé gnó brabúsach inbhuanaithe dár scairshealbhóirí uile. Is iad ár bpiléir don todhchaí ná Fuinneamh In-athnuaite, Aisghabháil Acmhainní, táirgí agus seirbhísí Comhshaoil arna dtacú ag na gnóthaí traidisiúnta Breoslaí agus Gairneoireachta. Ní féidir é seo a bhaint amach ach trí chlár oibre nuálaíocha a sheachadadh.


Nuálaíocht
Measann Bord na Móna go bhfuil a thiomantas do nuálaíocht mar bhuntáiste iomaíoch. Leanfaidh an Grúpa d’infheistíocht a dhéanamh i dtaighde agus i bhforbairt le feabhas a chur ar ár dtáirgí, ár bpróisis, ár bpacáistiú agus ar ár gcórais dáilte. Lorgóidh an Grúpa dóigheanna le luamhánacht a thabhairt d’idéanna ár soláthraithe agus ár gcustaiméirí i gcónaí le baint amach optamach torthaí a chinntiú.

 

Chomh maith lenár saoráid sa Droichead Nua, tá ionad nuálaíochta tiomanta ag an nGrúpa in North Carolina, SAM, a chuireann ár raon de theicneolaíochtaí cóireála aeir agus uisce ar taispeáint dár gcustaiméirí ar fud Mheiriceá Thuaidh.

 

Le bliain anuas, bhain clár oibre nuálaíochta an Ghrúpa roinnt torthaí inláimhsithe amach, agus ina measc siúd bhí an méid seo a leanas:

Gairneoireacht - lainseáil Growise, ( 20% de mheáin fáis gan mhóin) i margaí an Ríochta Aontaithe agus na hÉireann;
Breoslaí – lainseáil d’éicea-raon de bhreoslaí soladacha lena n-áirítear éici-bhrícíní, éicea-lomáin tine agus táirge éici-chiminea a forbraíodh do B&Q amháin;
Aisghabháil Acmhainní – forbairt de ghléasra múirínithe(MBT) ag ár bpáirc teicneolaíocht dramhaíola ag An Droichead, Co. Chill Dara a phróiseálfaidh suas le 25,000 tona de dhramhaíl orgánach a chuirfí chuig líonadh talún ar chuma eile;
Fuinneamh In-athnuaite – tá 7.8% de mhóin á díláithriú le bunábhar bithmhaise ag gléasra cumhachta Éadan Doire, Bord na Móna, a dhéanann laghdú suntasach ar lorg carbóin na saoráide. Is é aidhm an Ghrúpa ná é seo a mhéadú go dtí 30% faoi dheireadh 2016, agus
An comhshaol – cuireann ár dteicneolaíocht Mónashell paitinnithe réitigh boladh aeir ar fáil anois le haghaidh os cionn 500 custaiméir ar fud an domhain lena n-áirítear suíomhanna cosúil le Osaka, an tSeapáin, Hong Cong agus an Astráil.

 

Dul chun Cinn na nAonad Gnó
Tá na dúshláin atá os comhair an Ghrúpa an-suntasach, go háirithe sa timpeallacht eacnamaíoch reatha, ach tá an Grúpa i staid mhaith leis na dúshláin seo a shárú agus le deiseanna oiriúnacha ar bith a shaothrú. D’éirigh leis an nGrúpa $205 milliún (€146.4 milliún) a thiomsaíodh trí láithriú féich príobháideach sna SA in 2009 agus tá na cistí sin ar fáil le tacú le fás orgánach agus fáil amach anseo. Rinne na gnóthaí ar fad dul chun cinn maith le linn na bliana.


Fuinneamh
Fuarthas cead pleanála le haghaidh gléasra cumhachta um ghástuirbín comh-thimthrialla (CCGT) ag Doire Dhraighneach, Co. Uí Fhailí. Táirgfidh an tsaoráid seo 600MW de chumhacht ghásadhainte.

 

Tá iarratais ar phleanáil ag ardchéim maidir le dhá fheirm ghaoithe úra i nDroim Cáithe, Co. Uíbh Fhailí nó an Bhreachánach, Co. Thiobraid Árann. Táirgfidh na feirmeacha gaoithe seo 120MW d’fhuinneamh gaoithe a tháirgfidh, nuair a chomhcheanglaítear iad leis an mbreisfhorbairt ar an láithreán atá in Oweninny, Co. Mhaigh Eo cheana, aschur iomlán gaoithe de bheagnach 500MW, a chiallaíonn go bhfuil Bord na Móna ar cheann de na thairgeoirí fuinneamh gaoithe is mó ar an oileán. Beidh forbairt céimeanna tosaigh thionscadal Oweninny curtha i gcrích trí chomhfhiontar agus tá cainteanna lenár gcomhpháirtí beagnach críochnaithe. Nuair a bheidh an tógáil deiridh curtha i gcrích beidh an tsaoráid seo ar an gceannn is mó sa tír ag seachadadh os cionn 370MW d’fhuinneamh in-athnuaite.

 

Tá a clár oibre comhbhreosla curtha ar aghaidh go mór ag Bord na Móna le linn na bliana seo caite. Oibríonn Stáisiún Cumhachta Éadan Doire le 7.8% de bhunábhar bithmhaise. Táimid ag tuar go méadóidh sé seo thar na blianta amach romhainn nuair nach mbeadh sé ag brath an oiread ar mhóin de réir a chéile mar an bpríomh-bhunábhar. Dhearbhaigh suirbhé críochnaithe ar chúltacaí móna infhaighteacht acmhainní móna thar na blianta amach romhainn agus cuireann sé tacaí faoin ngá lenár straitéis éagsúlaithe.


Gairneoireacht
Tá feabhas suntasach tagtha ar ghairneoireacht le bliain anuas i ndiaidh mór-athstruchtúraithe ar an ngnó le linn 2008/2009 d’ainneoin timpeallacht mhiondíola an-dúshlánach in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Lean an gnó de thrádáil mhaith a dhéanamh lenár gcustaiméir is mó, B&Q, agus d’oibrigh sé leo ar raon úr de mhúirín a fhorbairt agus a lainseáil le linn an tséasúir. Tá an gnó ag obair de réir a chéile i dtreo raon meáin fáis gan mhóin agus táimid de shíor ag cur feabhais ar ár bhfoinsiú agus ár bpróiseáil d’ábhair múirín ghlasa lena bhaint amach. Oireann sé seo dár gcumas agus dár saineolas in aisghabháil acmhainní.

 

Breoslaí
D’fheidhmigh breoslaí go maith arís 2009/2010, le héileamh láidir ar tháirgí de bharr seala fhuair shínte. Chomhlánaigh an gnó a raon táirgí leis an lainseáil d’éicea-tháirgí. Tá éici-bhrícín úr á thástáil ag an ngnó chomh maith.

 

Comhshaol
Mar chuid d’athstruchtúrú an ghnó, bhí an Comhshaol roinnte go geografach isteach i Meiriceá Thuaidh agus Iarthar na hEorpa. Is é an fócas i Meiriceá Thuaidh ná réitigh chóireála uisce a fhorbairt tuilleadh do na margaí cónaí agus bardais agus an am céanna teicneolaíochtaí réiteach boladh aeir a lainseáil ar fud na margaí tionscail, bardais agus tráchtála.

 

Mar cuid de phlean forbartha gnó Iarthar na hEorpa, rinneadh oibríochtaí an RA a chumasc isteach in áitreabh aonair bunaithe i gceantar Bristol. Tugann sé seo ár dtairiscint aeir agus uisce le chéile ag cur deiseanna ar fáil le haghaidh réimsí úra gnó agus ag cur ar ár gcumas tabhairt faoinár uaillmhianta fáis sa mhargadh seo.


Aisghabháil Acmhainní
Ba bhliain dhúshlánach a bhí sa bhliain seo caite d’Aisghabháil Acmhainní toisc gur tháinig laghdú ar thoirteanna dramhaíola de bharr iarmhairt an choir chun donais eacnamaíoch. Dá bharr seo tharla brú imill suntasach in earnáil atá ilroinnte go mór. D’ainneoin é seo, leanann an gnó d’infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí athchúrsála agus aisghabhála ag féachaint don mhéid dramhaíola a chuirtear go líonadh talún a laghdú.

 

Bithéagsúlacht agus Úsáid Talún
Tugadh luach portach agus luach féideartha na lagphortach i dtéarmaí bithéagsúlachta náisiúnta chun suntais i bPlean Bithéagsúlachta Náisiúnta 2002. Feiceann Bord na Móna an fhorbairt dá phlean gníomhaíocht bithéagsúlachta mar bhealach le tiomantas an Ghrúpa a dhearbhú tuilleadh maidir le feasacht a spreagadh ar thábhacht na bithéagsúlachta ina saolta.

 

Breathnaítear ar an bplean gníomhaíocht bithéagsúlachta mar chéim thábhachtach maidir leis an méid seo a leanas a leagan amach:

an obair atá déanta go dtí seo laistigh de phortaigh Bhord na Móna;
na ceachtanna atá foghlamtha cheana i dtéarmaí bainistíochta praicticiúla;
rath a bhaineann le feabhas ar bithéagsúlacht, agus
an dóigh a rachaidh an Grúpa ar aghaidh le forbairt agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an eolas a theastaíonn le todhchaí na bithéagsúlacht a phleanáil laistigh de phortaigh Bhord na Móna.

 

Mar chuid dár dtiomtantas le soláthar a dhéanamh d’úsáid leanúnach ár dtailte portaigh, rinne Bord na Móna athbhreithniú ina raibh comhairle ó chomhairleoir idirnáisiúnta ar ár bhforbairt shuaitheanta ag Fearainn Pháirce Loch na Buaraí, Co. Uí Fhailí. Is é an aidhm ná príomhcheann sprice éicea-thurasóireachta a sholáthar le haghaidh réigiún lár na tíre. I Mainistir Laoise, Co. Laoise, tá an Grúpa i gcomhpháirtíocht leis an bpobal maidir leis an talamh phortaigh a athchóiriú agus a chaomhnú le haghaidh úsáid oideachais agus áiseanna.

 

Leasú ar Phinsin
Lean an próiseas maidir le socruithe pinsean an Ghrúpa a leasú le linn na bliana airgeadais á bhfuil athbhreithniú á dhéanamh uirthi. D’éirigh sé riachtanach go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhaontú comhchoiteann ar leasú pinsean d’Eanáir 2008. Tá na deacrachtaí maoinithe a bhí ag am an chomhaontaithe níos measa anois de bharr na ndálaí eacnamaíocha domhanda a tháinig ina dhiaidh sin, agus dá réir sin níl forálacha an chomhaontaithe imleor agus tá sé indéanta iad a chur i bhfeidhm ó thaobh airgeadais de.

 

Leasuithe Úra le haghaidh RWESS
Bhí an príomhfhócas athraithe in 2009 ar scéim sochair shainithe RWESS, a chlúdaíonn tromlach lucht oibre Bhord na Móna. Rinneadh comhaontú comhchoiteann úr i mí na Samhna 2009, i dtéarmaí a leagtar amach thíos, agus d’fhaomh an Bord agus na scairshealbhóirí é le héifeacht ó 1 Eanáir 2010.

 

1. Easnamh na Scéime a Mhaoiniú
D’fhonn dul i ngleic leis an easnamh maoinithe sa RWESS, méadóidh baill ghníomhacha an ráta ranníocaíochta ar a dtuarastal inphinsin trí 1.5% sa bhreis agus meaitseálfaidh an Grúpa ranníocaíochtaí na mball. Tá an maoiniú molta seo faoi réir athbhreithnithe bhliantúil ag deireadh bliana na scéime agus stopfaidh sé nuair a bheidh an t-íoschlúdlach caighdeán maoinithe don RWESS lena n-áirítear costas an tsochair pinsin fheabhsaithe cothrom le 110%, nó níos mó ná sin.

 

2. Teorainn a Chur ar Rioscaí Amach Anseo
Bhunaigh an Grúpa Scéim le Ranníocaíocht Shainithe (DC) agus dhún siad an RWESS do bhaill úr ó 1 Eanáir 2010 i leith.


3. Sochar Pinsin Feabhsaithe le haghaidh Oibrithe le Pá níos Ísle
D’fhonn sochar ball áirithe den scéim ranníocaíochta seo a fhaigheann pá níos ísle a chosaint, cuirfear ríomh pinsin leasaithe i bhfeidhm ar na baill sin a mbeadh a bpinsin i ndiaidh 40 bliana de sheirbhís níos lú ná 20% dá bpá inphinsin ar chuma eile ar a scor.

 

I bhfianaise an easnaimh mhaoinithe sa RWESS, agus na ranníocaíochtaí fostaithe agus fostóirí méadaithe mar a léirítear thuas, tá an Grúpa tiomanta don chostas breise an tionscnaimh seo a íoc trí íocaíocht chaipitil bhliantúil a bheidh dlite thar thréimse nach mó ná dhá bhliain déag. Tá an maoiniú molta seo faoi réir athbhreithnithe bhliantúil ag deireadh bliana na scéime agus stopfaidh sé nuair a bheidh an t-íoschlúdlach caighdeán maoinithe don RWESS lena n-áirítear costas an tsochair phinsin fheabhsaithe cothrom le 110%, nó níos mó ná sin.

 

4. Scéimeanna Cumasctha
Leanann an Grúpa dá chreidiúint ag mbeadh cumascadh scéim sochair shainithe RWESS agus na príomhscéime sochair shainithe eile, an GESS ina bhuntáiste do bhaill. Cé nach bhfuiltear ag cur an cumaisc seo i bhfeidhm láithreach, ceadaíonn comhaontú an RWESS d’aistrithe féideartha amach anseo de bhaill GESS. Ní dhéanfar aistrithe iarbhír ag feitheamh leasuithe ó shocruithe an GESS, cainteanna faoin méid atá faoi bhealach.


Athbhreithniú Oibriúcháin agus Airgeadais
Bhain gnóthaí an Ghrúpa feidhmíocht EBITDA fheabhsaithe amach sa bhliain airgeadais 2010 i gcomparáid le 2009, ach nuair a chuirtear costais aon uaire1 le haghaidh 2009 san áireamh, bhí an brabús oibriúcháin de €23.0 milliún faoi fheidhmíocht na bliana roimhe sin. Bhí iarmhairt ag drochaimsir an tsamhraidh ar an mbrabús oibriúcháin maidir le baint mhóna, caillteanais stoic a tharla i tuilte na Samhna, éifeacht an choir chun donais eacnamaíoch ar an éileamh ar roinnt táirgí agus seirbhísí agus lagú dea-thola.

 

Ba iad na príomhghnéithe airgeadais don bhliain ná:

Láimhdeachas de €384.4 milliún, laghdú de 4.3% ar an mbliain roimhe sin (€401.6 milliún).
Léiríonn tuillimh roimh ús, chánachas, dhímheas agus amúchadh (EBITDA) de €64.6 milliún méadú de 12.8% ar fhigiúr 2008/2009. Bhí costais aon uaire1 de €12.9 milliún san áireamh sa bhliain roimhe sin, áfach. Chuaigh an méid seo a leanas chun dochair d’fheidhmíocht EBITDA in 2009/2010:
  - de bharr baint mhóna a bhí srianta ag an aimsir tharla laghdú de 25% ar an sprioc bhliantúil;
  - tharla caillteanais stoic i dtuilte na Samhna;
  - fadhbanna oibriúcháin dheacra le drochdhálaí tailte portaigh;
  - iomaíochas méadaithe in earnáil na haisghabhála acmhainní, agus
  - laghdú i ngníomhaíocht díolachán san earnáil comhshaoil de bharr an mhoillithe ar an ngeilleagar.

 

1 Íocaíochtaí iomarcaíochta agus athstruchtúraithe agus scairbhunaithe


Bhí tionchar maith ar fheidhmíocht EBITDA in 2009/2010 de bharr an mhéid seo a leanas:

  - Éileamh láidir le haghaidh táirgí breosla sholadaigh, treisithe ag geimhreadh fuar an-fhada;
  - Díolacháin láidre mhóna le haghaidh giniúint chumhachta le fáil mhaith ar ghléasraí ag na stáisiúin chumhachta;
Tá an brabús roimh cháin de €12.9 milliún síos €6.6 milliún ón mbliain roimhe sin de bharr na droch-iarmhairt páirtí de muirear maoinithe níos airde de €10.1 milliún, méadú de €5.8 milliún ar 2008/2009;
Brabús i ndiaidh cánach de €10.5 milliún i gcomparáid le €15.5 milliún in 2008/2009:
In 2009/2010 bhí an t-ollsreabhadh airgead tirim oibriúcháin roimh ghluaiseachtaí caipitil oibre ag €60.3 milliún suas €0.9 milliún ar an mbliain roimhe sin. Tháinig laghdú de €5.3 milliún ar riachtanais caipiteal oibre an Ghrúpa, agus nuair a cuireadh leis an ollsreabhadh airgead tirim oibriúcháin é, ba é an toradh air ná glan-insreabhadh airgid thirim ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin de €65.6 milliún, síos €27.8 milliún ar an mbliain roimhe. Ba iad na heis-sreabha airgid thirim suntasacha a raibh eis-sreabhadh airgid thirim iomlán de €66.7 milliún don bhliain mar thoradh orthu ná:
  - Glanchaiteachas caipitiúil de €49.8 milliún;
  - Íocaíochtaí úis de €10.9 milliún agus
  - Íocaíocht díbhinne de €5.3 milliún.
Ba ionann an glan-insreabhadh airgid thirim roimh mhaoiniú don bliain agus €1.1 milliún i gcomparáid le glan-insreabhadh airgid thirim de €40.2 milliún do 2008/2009.

Bhí glan-iasachtaí ag an nGrúpa de €57.1 milliún ag mí an Mhárta, i gcomparáid le €56.0 milliún ag deireadh Mhárta 2009.

 

Is é seo a leanas achoimre de phríomhthorthaí airgeadais an Ghrúpa le trí bliana anuas:

  2009/2010
€’000
2008/2009
€’000
2007/2008
€’000
       
Láimhdeachas 384,417 401,567 371,226
% athrú -4.3 +8.2 +24.1
EBITDA 64,611 57,256 52,080
% athrú +12.8 +9.9 +14.7
Brabús roimh cháin 12,899 19,520 19,825
% athrú -33.9 -1.5 -32.1
Ciste na scairshealbhóirí 224,408 198,558 234,200
% athrú +13.0 -15.2 -0.5

 

Teastaíonn ó straitéis an Ghrúpa go leanann sé den luach is airde a bhaint as na gnóthaí fadbhunaithe a sholáthraíonn móin le haghaidh táirgí Fuinnimh, Breoslaí agus Gairneoireachta. Leanann an Grúpa de choinneáil leis seo trí fheabhas ar éifeachtacht agus infheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna feabhsaithe más cuí. Leanann réimsí na ngnóthaí úra ag forbairt de réir mar a bhaintear feidhm as straitéis an Ghrúpa. Tá na príomhfhorbairtí le linn na bliana airgeadais i ngach ceann de na réimsí gnó mionsoraithe san athbhreithniú seo.

 

Infheistíocht don Todhchaí
Ba ionann an Caiteachas Caipitil do 2009/2010 agus €56.1 milliún (€30.5 milliún in 2008/2009). Rinneadh clár infheistíochta caipitil suntasach le linn na bliana, lena n-áirítear tógáil na ngléasraí buactha ag Cumhacht Éadan Doire, céim 3 de líonadh talún ar a ndearnadh innealtóireacht ag An Droichead, feithiclí breise do bhailiú dramhaíola, an gléasra próiseála ag na hionaid aisghabhála ábair, agus cur in ionad gléasra na bainte móna.

 

Taighde agus Forbairt: In 2009/2010 chaith Bord na Móna €5.2 milliún ar thaighde agus ar fhorbairt, gan deontais san áireamh (i gcomparáid le €5.9 milliún in 2008/2009). Tá obair tionscadail a rinneadh sa réimse seo sracléirithe thuas sa rannán um Athbhreithniú Gnó. Tá tríocha duine fostaithe go díreach ag an Lárionad Nuálaíochta agus fiche ball foirne eile nuálaíochta leabaithe i rannóga oibriúcháin an Ghrúpa.

 

Cistí ó Ghníomhaíochtaí Oibriúcháin
Ghin an Grúpa €65.6 milliún ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin in 2009/2010 i gcomparáid le €93.4 milliún an bhliain roimhe sin.


  2009/2010
€ milliún
2008/2009
€ milliún
     
Glansreabhadh airgid thirim ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin 65.6 93.4
Caiteachas caipitil agus éadálacha (49.8) (34.3)
Costais mhaoinithe íoctha (10.9) (4.4)
Cáin chorparáide íoctha (0.7) (1.6)
Díbhinn a íocadh (5.3) (12.9)
(Laghdú) / méadú i nglan-airgead tirim (1.1) 40.2

 

Ag deireadh na bliana, bhí glan-iasachtaí ag an nGrúpa de €57.1 milliún, méadú de €1.1 milliún sa bhliain – gnóthú suntasach ag cur leibhéal an chaiteachais chaipitil san áireamh. Tá clár comhardaithe an Ghrúpa láidir go fóill. Tá ráiteas mionsonraithe ar shreabhadh airgid thirim tugtha ar leathanach 39 arna thacú ag Nóta 21 a ghabhann le na Ráitis Airgeadais.


Struchtúr Caipitil agus polasaí cistíochta
Shroic Glan-iasachtaí buaicphointí de €100 milliún le linn na bliana i gcomparáid le €97 milliún an bhliain roimhe sin. Léiríonn ús bainc agus muirir chomhchosúla de €7.9 milliún bliana i gcomparáid le €3.9 milliún na holl-iasachtaí breise a thiomsaigh an Grúpa le linn na bliana. Tá láithriú féich príobháideach an-rathúil ag an nGrúpa sna SA a thiomsaigh $205 milliún (€146.4 milliún) i mí Lúnasa 2009.

 

Polasaí Cistíochta don Ghrúpa faofa ag an mBord agus curtha i bhfeidhm agus monatóireacht déanta air ag feidhm Chistíocht an Ghrúpa. Is é polasaí an Bhoird ná costais mhaoinithe a íosmhéadú agus ag an am céanna solúbacht a choinneáil i margaí luaineacha, faoi réir leibhéil inghlactha riosca cistíochta. Bhí fiacha ag deireadh na bliana ag rátaí úis seasta don chuid is mó. Tá neamhchosaint maidir le hinfheistíochtaí airgeadra coigríche fálaithe a mhéid is féidir trí iasachtaí san airgeadra céanna leis na glansócmhainní bunaidh.

 

Ag deireadh na bliana bhí $355 milliún (€263.9 milliún) d’fhiach ráta seasta ag an nGrúpa a tiomsaíodh ar mhargadh um láithriú príobháideach féich na SA. D’fhonn neamhchosaintí ráta malairte dhollar na SA a fhálú agus na bunrátaí úis a thiontú go seasta, chuaigh an Grúpa isteach i roinnt babhtálacha trasairgeadra le próifíl aibíocht an fhéich a mheaitseáil.

 

Bhí an phróifíl aibíocht féich ag deireadh na bliana 7% in-aisíoctha i mí an Mheitheamh 2013, 16% in-aisíoctha i mí Lúnasa 2014, 25% in-aisíoctha in 2016, 12% in-aisíoctha in 2017, 19% in-aisíoctha in 2018 agus 21% in-aisíoctha in 2019.

 

Déanann an Grúpa sreabha airgid airgeadra coigríche a ghlanluacháil le neamhchosaint fhoriomlán a íosmhéadú agus ghlac sé le cur chuige fálaithe roghnaithe d’fhonn an neamhchosaint seo a bhainistiú d’fhonn luach euro infháltas agus iníocaíochtaí a fháil.

 

Ba ionann an ghiaráil ag deireadh na bliana agus 25% i gcomparáid le 28% ag tús na bliana agus mhéadaigh leibhéal an ghlanfhéich ábhairín ó €56.0 milliún ag tús na bliana go dtí €57.1 milliún ag deireadh na bliana.


Atheagrú an Struchtúir Ghnó
Tá sé níos ábhartha anois a bheith iomaíoch ná bhí sé ariamh i ngnó. Mar gheilleagar oileáin bhig, tá dúshlánacha breise os comhair Éireann. Chuir an méadú d’iomaitheoirí idirnáisiúnta leis an mbrú margaidh bhaile. Cinnfidh cumas an Ghrúpa fanacht iomaíoch agus rannpháirtíocht custaiméirí láidir agus a mhairfidh a fhorbairt an rath maidir le deiseanna margaidh easpórtála a fhorbairt. Mar chuid de sheachadadh an chláir oibre seo, níor chuir Bord na Móna méadaithe pá ar bith i bhfeidhm le linn na bliana.

 

Chomh maith leis sin, rinne an Grúpa a struchtúr eagrúcháin a athlíniú le bheith dírithe níos mó ar chustaiméirí. Rinneadh aonad gnó an Fhuinnimh a roinnt i nGiniúint Cumhachta (Powergen) agus Soláthar Bunábhair. Tá an gnó Comhshaoil, a eagraíodh mar aon le línte táirgí dírithe anois ar mhargaí go geografach (Meiriceá Thuaidh agus Iarthar na hEorpa). Tá anailís ‘bealach go dtí an margadh’ á cur i gcrích ag an nGrúpa ar na gnóthaí Breoslaí agus Gairneoireachta d’fhonn na sineirgí agus na deiseanna custaiméirí a uasmhéadú. Chomh maith lena thiomantas fadbhunaithe do nuálaíocht, chuir an Grúpa méid suntasach lena chumas margaíochta a chinntiú go mbaineann a deiseanna forbartha ar fad le léargas custaiméirí agus margaidh.

 

Creideann an Grúpa go gcinnteoidh na gníomhartha seo fás na heagraíochta isteach sa todhchaí, ag forbairt ar rath na 75 bliain roimhe sin i ndáil le nuálaíocht agus seirbhís do chustaiméirí ar sainmharc iad do Bhord na Móna.

 

Gabriel D’Arcy
An Stiúrthóir Bainistíochta
1 Iúil 2010