1. Fergus McArdle (Cathaoirleach)
Ceapadh Fergus McArdle (56) ar an mBord i mí na Samhna 2002 agus mar Chathaoirleach i mí Mheán Fómhair 2004 agus athcheapadh é i mí Mheán Fómhair 2009. Tá sé ina pháirtí sinsearach ar Iniúchóirí Cláraithe KMR. Is comhalta é ar Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte ó bhí 1978 ann. Tá punann de leasanna gnó pearsanta aige le stiúrthóireachtaí i gcuideachtaí déantóireachta, seirbhíse agus maoine. Fónann sé ar chomhlachtaí gnó trádála, spóirt agus carthanachta seachbhrabúsacha chomh maith.
2. Gabriel D’Arcy (Stiúrthóir Bainistíochta)
Ceapadh Gabriel D’Arcy (51) mar Stiúrthóir Bainistíochta i mí Feabhra 2008. Sular tháinig sé ar Bhord na Móna, bhí roinnt poist bainistíochta aige in Kerry Group, agus le déanaí an Stiúrthóir Tráchtála ar Kerry Ingredients Europe. D’fhóin sé roimhe seo mar Chaptaen sna Fórsaí Cosanta. Tá BSc (Onóracha) aige ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, MSc ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath, M.B.A ó Scoil Ghnó Ollscoil Kingston, Ard-Dioplóma i gCleachtas Bainistíochta ó Ollscoil Uladh agus Teastas Institiúid Stiúrthóirí i Stiúradh Cuideachtaí.Tá sé ina bhall ar an Institiúid Stiúrthóirí agus ina bhall ar Bhord na hinstitiúide um Riarachán Poiblí.
3. Gabriel Cribbin
Ceapadh Gabriel Cribbin (64) ar an mBord ar dtús i mí Meán Fómhair 2005 agus athcheapadh é i mí Dheireadh Fómhair 2008. Tá sé ina chomhúinéir agus ina Stiúrthóir Bainistíochta ar Summerhill Lawns a sholáthraíonn seirbhísí garradóireachta. Ba iarbhall é ar Chomhairle Contae na Mí agus bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord Forbartha Chontae na Mí.
4. Rory Scanlan
Ceapadh Rory Scanlan (64) ar an mBord ar dtús i mí an Mheithimh 2002 agus athcheapadh é i mí an Mheithimh 2007. Tá sé ina chomhairleoir díolachán agus bainistíochta agus ina údar ar “Professional Selling Skills”. Tá sé ina stiúrthóir ar Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus ar roinnt de chuideachtaí príobháideacha agus d’fhóin sé roimhe seo mar stiúrthóir ar roinnt Comhlachtaí Stáit lena n-áirítear Fóir Teoranta agus an Bord Tráchtála.
5. Conor Skehan
Ceapadh Conor Skehan (52) ar an mBord i mí na Bealtaine 2008. Tá sé ina bhunaitheoir de roinnt sainchomhairleachtaí gairmiúla agus faoi láthair tá sé ina léachtóir ar an Rannóg Comhshaoil agus Pleanáil ag DIT. Tá speisialtóireacht aige i bhfadbhreathnaitheacht, cosaint an chomhshaoil agus i bPleanáil Straitéiseach ar fud raon d’earnálacha lena n-áirítear tionscal, fuinneamh agus turasóireacht.
6. Peter Wyer
Ceapadh Peter Wyer (61) ar an mBord i mí na Bealtaine 2008. Tá Céim Tráchtála agus Dlí aige ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh. Agus roinnt ama caite aige i mBaincéireacht Mharsantach d’aistrigh sé go díolacháin áit a chaith sé cuid mhór dá ghairm. Chuaigh sé isteach in Arch Motors Ltd., an Ghaillimh i 1976 áit a bhfuil sé ina Stiúrthóir Díolachán agus ina Rúnaí Cuideachta faoi láthair. Tá sé ina stiúrthóir ar roinnt de chuideachtaí gaolmhara eile chomh maith.
7. Paudge Bennett
Ceapadh Paudge Bennett (56) ar an mBord i mí Eanáir 2007 faoi na Worker Participation (State Enterprises) Acts 1977 agus 1988. Chuaigh sé le Bord na Móna mar oibreoir séasúrach i 1973 agus rinneadh bhall foirne buan dó i 1975. Tá sé ina Fhear Stórais in Oibreacha Boora ó shin. D’fhóin sé mar Iontaobhaí ar Scéimeanna Pinsean Bhord na Móna ar feadh 11 bhliain go dtí 2006.
8. Paddy Fox
Ceapadh Paddy Fox (61) ar an mBord i mí Eanáir 1999 agus athcheapadh é in 2003 agus 2007 faoi na Worker Participation (State Enterprises) Acts 1977 agus 1988. Chuaigh sé le Bord na Móna mar oibreoir séasúrach i 1970 agus rinneadh bhall foirne buan dó i 1975. Tá sé ina cheannaire foirne ó bhí 1990 ann. Tá Dioplóma aige i mBainistíocht agus Caidreamh Tionsclaíocht.
9. Pat Kane
Ceapadh Pat Kane (60) ar an mBord i mí Eanáir 2007 faoi Worker Participation (State Enterprises) Act 1977 agus 1988. Chuaigh sé le Bord na Móna mar oibreoir séasúrach i 1965 agus rinneadh bhall foirne buan dó i 1966. D’oibrigh sé i bpoist éagsúla laistigh den Ghrúpa.
10. Paddy Rowland
Ceapadh Paddy Rowland (42) ar an mBord i mí Eanáir 2003 agus athcheapadh é i mí Eanáir 2007 faoi Worker Participation (State Enterprises) Act 1977 agus 1988. Chuaigh sé le Bord na Móna i 1984 mar fheisteoir printíseach, d’oibrigh sé i bhFuinneamh Móna mar Línitheoir agus tá sé ina bhall ar an bhfoireann Cumarsáide Corparáidí faoi láthair sa Droichead Nua. Tá sé ina bhall ar Chomhairle Baile Thulach Mhór ó bhí 2004 ann agus toghadh arís é in 2009.
11. Rose McHugh
Tá Rose McHugh (46) ina Ceannaire ar Airgeadais Corparáideach in Merrion Capital a bunaíodh i gCorcaigh in 2006. Cuireann Merrion Capital raon leathan de sheirbhísí ar fáil do chliaint i mbainistíocht rachmais agus maoiniú corparáideach. Sular ndeachaigh sé le Merrion, bhí Rose ina Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ag Grúpa SWS, grúpa seirbhísí fuinnimh in-athnuaite agus éagsúlaithe. Roimhe sin bhí Rose ina Stiúrthóir ar Chánacha le Ernst agus Young. Ceapadh Rose mar Chathaoirleach ar Bhord an Bhoird Iascaigh Mhara i mí an Mheithimh 2006. Tá Rose ina comhalta ar Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn. Tá céim dlí onóracha aici ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Corcaigh. Is comhpháirtí í ar an Institiúid Cánachas in Éirinn agus in 2000 chuir sí MBA i gcrích in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Corcaigh.
12. David Taylor
Ceapadh David Taylor (64) ar an mBord i mí an Mheithimh 2009. Tá sé ina chomhairleoir straitéiseach neamhspleách i innealtóireach (BE Ceimic) agus Bainistíocht (MSc Bainistíocht). Tugann sé comhairle do Chomhchoiste an Oireachtais ar Athrú Aeráide agus ar Shlándáil Fuinnimh ar cheisteanna a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus slándáil fuinnimh. Ina iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Fhuinneamh Inmharthana Éireann bhí sé ina ionadaí do thaighde fuinnimh agus leasanna forbartha Rialtas na hÉireann ag leibhéal an AE agus don Gnníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh.
Caiteachas na Stiúrthóirí
Ba iad na costais chomhiomlána a íocadh leis na Stiúrthóirí 2009/10 ná €57,359.

